Iarann óga na hÉireann ar an rialtas éirí ina cheannaire domhanda ar son na haeráide trí thacú leis an gConradh Breosla Iontaise

20ú Meán Fómhair, 2024

20ú Meán Fómhair, 2024 - Éire – Dhá lá roimh a n-osclófar “Summit for the Future”, cruinniú ard-leibhéal na Naisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac ar an 22ú agus 23ú lá de mhí Mheáin Fhómhair. Is í aidhm an chruinniú ná “cúrsaí an lae inniu a fheabhsú agus an todhchaí a chosaint”. Tháinig Fridays for Future Ireland agus The Fossil Fuel Non-Proliferation Treaty le chéile chun daoine a spreagadh páirt a ghlacadh san agóid ar sráideanna Baile Athá Cliath, is iarr ar an rialtas céimeanna nithúila a thógaint chun todhchaí atá saor ó bhreoslaí iontaise a chinntiú. Tosnaíonn sé le freasúra in aghaidh nua-bhonneagar breosla iontaise, agus ag teacht le chéile le trí thír déag atá cheana ag stiúrú an tacaíocht i gcomhair Conradh Breosla Iontaise (Fossil Fuel Treaty) - comhaontú nua a bheidh ceangailteach chun tairgíocht ola, gáis agus guail a stopadh de réir a chéile, ar bhealach cothromasach. 

Theip ar na Naisiúin Aontaithe plean nithúil chun stopadh leis an usáid de bhreoslaí iontaise a chruthú leis an “Pact of the Future” is déanaí, agus leanann Gás Nádúrtha Leachtaithe na Sionnaine (Shannon LNG) ag moladh críochfort gáis i gCiarraí. Ní raibh am comh tábhachtach d’Éirinn riamh ceannasaíocht aeráide a léiriú trí thacú leis an iarracht idirnáisiúnta sainordú do Chonradh Breosla Iontaise a bhaint amach. 

Dúirt Mary Robinson,iar-Uachtarán na hÉireann: Agus daoine óga is saoránaigh ag déanamh agóide ar na sráideanna mar chuid de stailc aeráide domhanda eile, impimid ar na rialtais uilig, go háirithe ar rialtas féin in Éirinn, gníomhú go práinneach, mar a éilíonn gearchéim na haeráide agus an dúlra. Tá sé do-ghlactha go gcaithfidh daoine óga fós agóid a dhéanamh ar son gníomh ba cheart a raibh tosnaithe cheana. Tuigeann óga na h-Éireann, agus dar ndóigh an domhain, nach rogha atá ann stop a chur le húsáid an ola, gáis agus guail, ach riachtanas. Caithfear stop a chuir leis an maoiniú den rud atá ag déanamh dochair dúinn. Más fíor é go bhfuil “Summit of the Future” ag cosaint ár dtodhchaí, caithfidh rialtais freagairt le gníomhaíocht diongbhailte ar cúrsaí aeráide. Trí thacú leis aistriú ó usáid bhreoslaí iontaise agus an Conradh Breosla Iontaise, is féidir le Éirinn a bheith ina cheannaire atá uainn ag an bpointe seo. 

Ar ndóigh tá céimeanna móra tógtha ag Éireann chun dul i ngleic le ceist an spleáchais ar bhreoslaí iontaise. Cuireadh bill frith-freacáil i bhfeidhm, agus tá cosc ar ceadúnais thaiscealaíochta do bhreoslaí iontaise. Ina theannta sin, tá plean uallmhianach leagtha amach agus an aidhm aige go ginfear 80% d’fhuinnimh na hÉireann trí fhoinsí in-athnuaite faoin bhliain 2030. Mar bhall des Beyond Oil and Gas Alliance aguse an Global Methane Pledge, tá sé léiritihe ag Éirinn comh maith go bhfuil sí geallta don gníomhaíocht aeráide idirnáisiúnta. Cé go moltar na céimeanna seo, ní leor iad. Le bheith ina fíor-cheannaire aeráide, ní mór d’Éirinn tacú leis an gConradh Breosla Iontaise, agus stop a chur le bonneagar nua a d’fhéadfadh an tír a cheangal le ghás truaillitheach, costasach ar feadh na mblianta.

Dúirt Dearbhla Richardson, Príomh-fheachtasóir don Chonraidh Breosla Iontaise in Éirinn: Aguis muid ar tí tubaiste aeráide, tá óga na h-Éireann ag éirí amach, ag éiliú todhchaí atá saor ó bhreoslaí iontaise. Gan mórán taiscí de bhreoslaí iontaise dár gcuid fhéin, táimid i mbaol turraingí margaidh. Baineann fíor-sheasmhacht agus slándáil fuinnimh le fuinneamh inathnuaite a ghintear sa thír seo. Ceanglaíonn breoslaí iontaise muid le córais airgid luaineacha. Ní féidir linn glacadh le ceangailt fadtearmach eile le bonneagar breosla iontaise, agus mar sin táimid i gcoinne tionscail gás leachtaithe nádurtha na Sionnaine. Ní anois, ní go deo. Ní stopfaimid go dtí go n-éistfear linn, agus go mbeidh ár gceannairí mar eiseamláir don domhan. Ciallaíonn geallúint láidir na hÉireann chun dul i ngleic le cúrsaí aeráide tacú leis an gConradh Breosla Iontaise, má tá aon dóchas ann don sprioc de 1.5 chéim. 

Dúirt Saoirse Exton, an comhairleoir is óige d'Ard-Rúnaí na Naisiún Aontaithe: "Má tá na rialtais geallta le cine daonna agus an plainéad a shábháil, caithfidh aon Pact for the Future plean a chur san áireamh a churfidh deireadh le húsáid breosla iontaise, go tapaidh agus go cothromasach. Tá go leor geallúint folamh agus réitigh bréagach cloiste again cheana. Caithfidh tíortha áirithe gníomhú don aeráid anois, agus deireadh a chur leis an ré den neamh-ghníomh. Ní raibh ceannasaíocht riamh comh riachatanach, agus tá sé léiritihe ag Éirinn a féidiereacht a bheith in a ceannaire domhanda, ó tacú leis an Convention on International Cooperation in the Investigation and Prosecution of Genocide, go tacú le forbairt an gConradh Breosla Iontaise. Caithfidh Éire a bheith in a ceannaire arís, ag stiúradh ar cheann dosna bagairtí is mó den lae inniu, trí tacú leis an gConradh Breosla Iontaise."

Mar gheall ar tionscnamh an Chonraidh Bhreosla Iontaise 

Tá tionscnamh an Chonraidh Bhreosla Iontaise (The Fossil Fuel Non-Proliferation Treaty Initiative) ag spreagadh comhoibriú idirnaisiúnta chun deireadh a chur le forbairt nua de bhreoslaí iontaise, tairgiú a stopadh diadh ar ndiaidh chun claí leis an comhaontú aeráide de theorainn taobh istigh de 1.5°C, agus pleananna a fhorbairt chun tacú le oibrithe, pobail agus tíortha a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise chun slite beatha seasmhach, sláintiúla a chruthú. Tá níos mó eolais ar an gConradh ar fáil anseo

Mar gheall ar Fridays For Future Éire

Is greasán é Fridays for Future Éire de mhic léinn gníomhaithe a threoraíonn stailceanna scoile don aeráid timpeall na hÉireann. Tarlaíonn na stailceanna lasmuigh d’fhoirginimh rialtais de ghnáth, agus éilíonn na mic léinn go ndéanfaidh an rialtas gníomh ar athrú aeráide agus eagóir aeráide in Éireann. Is ball den chumann idirnaisiúnta #FridaysForFuture é Fridays for Future Éire. 

Teagmhálacha Meáin

Viviana Varin, Bainisteoir Feachtas Cumarsaide 
viviana@fossilfueltreaty.org
+33 6 63 48 52 67 (In Paris)

Dearbhla Richardson, Príomh-fheachtasóir in Éirinn
dearbhla@fossilfueltreaty.org
+353 87 703 8401 (i gCorcaigh, Gaeilge)